Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Rugadh Máire i nGlaschú ach phill an teaghlach na bhaile agus chónaí i gCill Ulta. Tógadh ar fheirm beag í. As an Cheathrún a hathair agus as Cill Ulta a máthair. Chuaigh sí na scoile i nGort an Choirce nuair a bhí sí 6 bliana d’aois. Bhíodh obair feirme le déanamh aici, obair phreátaí agus obair an Earraigh. Bhí ainmhí acu sa bhaile agus bhí buachailleacht le déanamh aici fosta. | 00:03:10 | |
Bhí sí ar fhostach ar an tSrath Bán i dTír Eoghain agus i nDoire. Ó sin chuaigh sí go hAlbain, ag obair i mbialann a bhí sí. Nuair a d’fhág sí sin d’imigh sí go Sasana. An cineál céanna oibre a rinne sí ansin. | 00:03:53 | |
Bhí a hathair ag obair ag oibreacha na ngás i nGlaschú agus chuireadh sé airgead na bhaile ag a bhean agus an teaghlach. | 00:01:14 | |
Bhíodh siad costarnocht ón chéad lá de Bhealtaine go dtí mí Dheireadh Fómhair. Cheannaíodh a hathair éadach dóibh thall i nGlaschú, bhí sé iontach maith dóibh. Bhí deirfiúr agus deartháir léi ag obair thall in Albain ina dhiaidh sin. Bhí a deartháir Johnny sa chabhlach trádála (Merchant Navy). Tá léir den teaghlach thall go fóill. | 00:03:54 | |